Trealaimh Iascaireachta

Dreidirí

Dreidirí

Séard atá sna dreidirí ná trealaimh a tharraingítear ar an ngrinneall chun sliogéisc a ghabháil. Fráma béil a bhfuil mála coinneála déanta as fáinní miotail nó mogalraí ceangailte leis atá ann.

Naisc ghaolmhara

Duáin agus doruithe

Duáin agus doruithe
Duáin agus doruithe

Séard atá sna duáin agus sna doruithe ná cineálacha trealaimh a tharraingíonn an t-iasc le baoite nádúrtha nó bréagach (baoite bréige). Ceanglaítear an baoite ar chrúca atá greamaithe ar fhoirceann líne nó snúda agus gabháiltear na héisc orthu sin.

Naisc ghaolmhara

Eangacha geolbhaigh agus eangacha cosúla

Eangacha geolbhaigh agus eangacha cosúla

Séard atá sna heangacha geolbhaigh agus sna líonta fostúcháin ná sreanga de bhallaí líontóireachta singlí, dúbailte, nó triarach, iad ceartingearach, gar do dhromchla an uisce, i meánuisce, nó ar an ngrinneall. Gabháiltear na héisc iontu nuair a cheanglaítear nó a fhostaítear iad nó nuair a théann siad in ascar ann.

Naisc ghaolmhara

Eangacha timpeallacha agus líonta ardaithe

Eangacha timpeallacha agus líonta ardaithe

Séard atá sna heangacha timpeallacha ná ballaí móra líontóireachta curtha le héisc chomhiomlánaithe a thimpeallú i dhá dhóigh, ó na taobhanna agus ón íochtar sa dóigh nach féidir leo éalú trí thumadh anuas. 'Séard atá sna líonta ardaithe ná painéil líontóireachta chothrománacha nó líonta mála-chruthacha mar chomhthreomharóid, mar phirimid nó mar chón leis an mbéal dírithe chun uachtair. Báitear iad ag doimhneacht áirithe, fágtar ar feadh tamaill iad, an méid ama atá riachtanach go dtí go dtarraingíonn an solas nó an baoite na héisc thar an mbéal. Ansin ardaítear as an uisce iad.

Naisc ghaolmhara

Potaí agus gaistí

Potaí agus gaistí
Potaí agus gaistí

Séard atá sna potaí, sna líonta móra do-aistrithe, sna baráistí agus sna gaistí ná cineálacha trealaimh a choinníonn na héisc nó a dtéann na héisc iontu go deonach. Cuirtear bac ar na héisc má dhéanann siad iarracht éalú.

Naisc ghaolmhara

Saighní

Saighní

Séard atá i saighean ná líon an-fhada, le mála sa lár nó gan mála sa lár, a chuirtear san uisce ón mbruach nó ó bhád. Úsáidtear saighean chun ceantar áirithe a thimpeallú agus oibrítear í le dhá rópa (fhada) atá ceangailte le foircinn na saighne (leis na héisc a tharlú agus a thiomáint).

Naisc ghaolmhara

Tráil

Tráil

Séard atá sna tráil ná líonta coirceogacha (déanta le dhá phainéal, ceithre phainéal, nó níos mó painéal) a thuálann bád amháin nó dhá bhád ar an ngrinneall nó i meánuisce (peiligeach).

Naisc ghaolmhara

Foinsí sonraí

An leathanach seo a chomhroinnt

Inis dúinn cad is dóigh leat den suíomh agus cabhraigh linn é a chur in oiriúint duit

Aiseolas a thabhairt